Ba naomh é Stiofán (Naomh Stiofán, nó San Stiofán). Ciallaíonn an t-ainm Stiofán coróin. Rugadh i 5 A.D. agus fuair sé bás in 34 A.D. san Iarúsailéim, Iúdáia Impireacht na Róimhe.
Creidtear gurb é an chéad mhairtíreach Críostaí. Bhí naomh Stiofán ar cheann de na seacht deagánach ceaptha ag na haspail. Bhí aghaidh aige mar a bheadh aingeal ann, gan féasóg, deirtear.
Tógadh iarsmaí Stiofáin chun na Róimhe as an Talamh Naofa sa 5ú haois. Tógadh an eaglais La Rotunda di Santo Stefano in omós dó.
D’oibrigh Dia an-chuid míorúiltí tríd Naomh Stiofán, is cosúil.