Is bolcán é Teide atá suite ar oileán Tenerife sna hOileáin Chanáracha san Aigéan Atlantach Thuaidh. Is cuid den Spáinn iad na hOileáin Chanáracha agus is é Teide an sliabh is airde sa tír úd. Óna bhonn san fharraige suas go dtí a bharr, is é Teide an tríú bolcán is mó ar Domhan. Sa bhliain 2007, d’fhógair UNESCO gur Suíomh Oidhreachta Domhanda é Páirc Náisiúnta Teide. Is é an pháirc náisiúnta is mó a bhfuil cuairteanna á dtabhairt uirthi san Eoraip agus an dara pháirc is mó cuairteanna sa domhan uilig.