Is ceann de na sléibhte is cáiliúla sna Sléibhte Alpa Eorpacha í Sliabh Cervin (Fraincis: Mont Cervin nó Le Cervin, Gearmáinis: Matterhorn, Iodáilis: Monte Cervino). Tá sí suite ar an teorainn idir an Eilvéis agus an Iodáil ag 45°58′Thuaidh, 7°39′Thoir. Is 4,478 méadar d'airde í.
Tá ceithre aghaidh aici, ag tabhairt aghaidhe ar cheithre phointe an chompáis.