Is pirimid i Dahshur, Éigipt í an Phirimid Dhearg nó an Phirimid Thuaidh. Tugann na daoine áitiúla "Pirimid na nIaltóg" uirthi freisin. Is í an phirimid is mó den trí cinn atá i Dahsur agus is í an tríú pirimid is mó san Éigipt ar fad, i ndiaidh an dá cheann móra i nGiza. Tá sí ainmnithe as an lí scothdhearg atá ar na clocha as a bhfuil sí tógtha. Tógadh an phirimid, áfach, le clúdach d'aolchloch bhán Tura. Níl ach a rian den aolchloch fágtha ag coirnéal amháin den phirimid inniu mar baineadh an aolchloch sa Mheánaois le foirgnimh a thógáil i gCaireo. An Faró Sneifearú, sa tSeanríocht, a rinne an Phirimid Dhearg a thógáil timpeall na bliana 2590 R.Ch.