Is iad na Locha Móra (nó na Locha Móra Labhrásacha) ná cúig loch fionnuisce atá suite in oirthear na Stát Aontaithe, ar an teoirainn le Ceanada - Loch Superior, Loch Michigan, Loch Huron, Loch Erie agus Loch Ontario. Is é an grúpa de locha fionnuisce is mó ar domhan. Tugtar mara intíre orthu uaireanta, nó "tríú cósta Cheanada agus na Stát Aontaithe".
Ní hiad na locha féin amháin atá le fáil sa réigiún, ach roinnt mhór locha agus aibhneacha bheaga eile, chomh maith le thart ar 35,000 oileán.