Tá Loch Victoria suite san Afraic idir an Chéinia, Uganda agus Tanzania.
Tarraingíonn an t-ainm do Victoria, banríon na Breataine. Ba é John Hamming Speke, an chéad Eorpach a thug cuairt air, a bhaist an t-ainm seo ar an loch. Shroich sé an cósta theas sa bhliain 1858.
Is é an loch is mó san Afraic é: 68,800km cearnógach. Is é Victoria an loch is mó sna trópaicí agus an dara loch fionnuisce is mó ar domhan (níl ach Loch Superior i Meiriceá Thuaidh níos mó).