Droichead crochta mór cruach trasna an Abhainn Hudson idir New Jersey agus Cathair Nua-Eabhrac is ea Droichead George Washington. Tugtar "the GW Bridge", "the GW(B)" agus "the George" air go neamhfhoirmeálta freisin. Ceanglaíonn sé Fort Lee, New Jersey, le Washington Heights, i dtuaisceart Manhattan. Tá dhá leibhéal ann, 14 lána san iomlán. Cuireadh tús lena thógáil i mí Deireadh Fómhair, sa bhliain 1927, agus osclaíodh é i mí Deireadh Fómhair na bliana 1931. Iompraíonn an droichead 106 milliún feithicil sa bhliain, rud a fhágann gurb é an droichead is gnóthaí ar domhan é.
Tá an droichead 4,760 troighe (1,450 méadar) ar fad, 119 troighe (36 m) ar leithead, agus 604 troighe (184 m) os cionn an Hudson. Tá talamh ard ar an thaobh den abhainn agus le linn na Réabhlóide Mheiriceánaí bhí dúnfort cóngarach do dhá cheann an droichid, Fort Lee i New Jersey agus Fort Washington i Manhattan ar na hairde. Sular tógadh an droichead chuireadh na haillte ar thaobh New Jersey (na Pallisades) bac ar theagmháil idir an dá thaobh den abhainn.