Damba mór coincréite ar abhainn na Saimbéise, ar an teorainn idir an tSaimbia is an tSiombáib, is ea Damba Kariba. Cuireadh tús leis sa bhliain 1955 agus críochnaíodh é sa bhliain 1959. 128 m ar airde, in ann 705 MW cumhachta leictrí a ghiniúint.
Cuireadh timpeall is 57,000 duine den treibh Tonga as áit nuair d'fhás an loch taobh thiar den damba. Cuireadh Oibríocht Noah i bhféidhm sna blianta 1960–61 inar tharrtháladh 6,000 ainmhithe móra, gan trácht ar chréatúirí níos lú.