Is nasc idir an tAigéan Atlantach agus an tAigéan Ciúin í Canáil Phanama. Tá sí 77 km (48 míle) ar fhad.
Rinne na Francaigh iarracht canáil a thógáil sa naoú haois déag ach d'éirigh siad as sa bhliain 1893. Bhí 21,900 oibritheoir maraithe ag galair agus sciorrtha talún. Rinne na Meiriceánaigh iarracht eile a mharaigh 5,600 duine. D'éirigh leo an chanáil a chríochnú sa bhliain 1914. Roimhe sin bhíodh ar na longa taisteal timpeall Mheiriceá Theas.