Caisleán de chuid na Meánaoiseanna is ea Caisleán Dinas Brân (Breatnais: Castell Dinas Brân), ina sheasamh ar chnoc os comhair bhaile Llangollen, Denbighshire, An Bhreatain Bheag. Suiomh dún an Iarannaois is ea é chomh maith. Sna Meánaoiseanna, bhí sé ina phríomhchathair phrionsacht Powys Fadog.