Ardeaglais Chaitliceach atá suite i Nua-Eabhrac í Ardeaglais Naomh Pádraig.
James Renwick Jr. a dhear an ardeaglais i stíl an Athbheochan Ghotach. Cuireadh tús lena tógáil ar 15 Lúnasa 1858. Cuireadh an tógáil ar ceal le linn Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe agus tosaíodh arís uirthi sa bhliain 1865. Cuireadh críoch ar an eaglais sa bhliain 1878. Tiomnaíodh í ar 25 Bealtaine 1879.