Is é Caisleán Windsor an caisleán is mó ar domhan ina bhfuil daoine ina gcónaí ann go fóill. Tá sé suite sa chontae Sasanach Berkshire. Rianaítear a stair siar go dtí aimsir Liam Concar, agus is é an caisleán is faide úsáid leanúnach ar domhan mar gheall air sin. Tá sé ar cheann de na príomhárais chónaithe atá ag Banríon na Ríochta Aontaithe, Eilís II, in éineacht le Pálás Buckingham agus Pálás Hollyrood in Albain.